---
title: About us
description: Grace Windsor, freelance marketing consultant helping businesses refine messaging, build growth strategies, and launch impactful products with clarity and consistency.
image: https://amplistory.com/hubfs/Featured%20images%20(3)-1.png
---

[![AmpliStory Logo ](https://amplistory.com/hubfs/Logo%20files/AmpliStory%20Logo%20(9).png)](https://amplistory.com?hsLang=en)

- [Services](https://amplistory.com/?hsLang=en#services)
- [Case studies](https://amplistory.com/portfolio?hsLang=en)
- [Blog](https://amplistory.com/blog?hsLang=en)
- [Messaging templates](https://amplistory.com/messaging-framework-template?hsLang=en)
- [About me](https://amplistory.com/about-us?hsLang=en)

[![<p>Alignment check</p>](https://hubspot-no-cache-eu1-prod.s3.amazonaws.com/cta/default/144074470/interactive-437682054388.png)](https://amplistory.com/hs/cta/wi/redirect?encryptedPayload=AVxigLKQHeQy5YvtgXfl%2BxkiNmXheHSWOuft1bhuyIbwf6ClPqxj8Y3V1y%2FOxRYCaBxxiPZOA4kQcpNhOiot4F8CxoTqqy%2B3flYzZ76gBKwoop%2FF09ngd4FKLkYgLmrow9%2BplwEb%2B6%2B6LF%2B%2F%2BJjVFcJqPAbhOigqEpIoOM7DAsfsIf1R24F%2FpVxNpkBf54wqmvkh&webInteractiveContentId=437682054388&portalId=144074470&hsLang=en)

# Fáilte go hArdScéal (AmpliStory)

Le níos mó ná ceithre bliana déag de thaithí, tuigim cé chomh deacair ‘s atá sé aird an chustaiméara a tharraingt i margaí plódaithe, iomaíocha an lae inniu – go háirithe agus comhlachtaí ag feidhmiú laistigh de theorainn ama agus acmhainní.

Is de dheasca na faidhbe sin a thosaigh mé ArdScéal, le cabhair a thabhairt do cheannasaithe agus do fhoirne margaíochta uaillmhianacha a straitéis a shoiléiriú, teachtaireachtaí láidre a fhorbairt agus a gcuid muiníne a ardú.

Faigheann ArdScéal tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.

![Ard Scéal (AmpliStory)](https://amplistory.com/hubfs/Website%20graphics%20(3).png "Ard Scéal (AmpliStory)")

![AmpliStory Services ](https://amplistory.com/hubfs/S4_Artboard%20Copy%20(1).png "AmpliStory Services ")

## Céard a dhéanaim?

Is mise do pháirtnéir margaíochta. Is iad seo a leanas mo chuid sainscileanna:

- **Rudaí deacra a dhéanamh níos soiléire:** Iidir do phríomhtheachtaireacht a chur in iúl agus do straitéis a shoiléiriú, oibrím leat le nasc leanúnach a chruthú le do chustaiméirí.
- **Torthaí a chothú:** ó d’áit sa mhargadh a dhaingniú go feachtais níos fearr a reáchtáil, tá gach céim sa phróiseas dírithe ar dhul chun cinn intomhaiste na heagraíochta.
- **Ag laghdú an brú atá ort:** Níl ort aon duine a fhostú go lánaimseartha - tabharfaidh mé mo shaineolas liom, agus is féidir leat díriú ar d’obair féin.

 

Tógaim am ag dul i dtaithí ar do ghnó, do chustaiméirí agus d’aidhmeanna. Cruthóimid plean indéanta le chéile, a thabharfaidh treoir agus tacaíocht don fhoireann le torthaí a bhaint amach ar bhealach eagraithe agus tomhaiste.

[Labhraímis!](https://meetings-eu1.hubspot.com/grace-windsor/30-min-session?uuid=a4fc9732-8a49-47d7-bbf7-d23bb0328e8d)

## Mo Thaithí 

Lonnaithe i nGaillimh, Éire, tá taithí agam ag obair le comhlachtaí ag plé le bogearraí mar sheirbhís, lóistíocht, cúram sláinte, miondíol, agus go leor eile.

Thar na blianta, chuidigh mé le foirne a dteachtaireachtaí a shoiléiriú, straitéisí fáis a fhorbairt agus táirgí a sheoladh go héifeachtach.

Ní ionann margaíocht iontach agus feachtais iomarcacha nó dordfhocail tharraingteacha. Díríonn margaíocht láidir ar shoiléireacht, ar chomhsheasmhacht agus ar chumas na rudaí simplí a dhéanamh ar shárchaighdeán.

Cabhróidh mé le...

- **Straitéis:** Ag cur pleananna soiléire, gníomacha le chéile le fás suntasach a éascú.
- **Teachtaireachtaí Branda**: Ag cruthú scéalta a rachaidh i bhfeidhm ar do chustaiméirí.
- **Taighde Margaidh**: ag aimsiú léargais chun cinntí níos ciallmhaire a dhéanamh. 
- **Margaíocht Dhigiteach**: ag treisiú infheictheachta agus na custaiméirí cearta a mhealladh.
- **Barrfheabhsú ar an Suíomh Gréasáin**: ag feabhsú comhshóiteachta an chomhlachta agus eispéireas an úsáideora.
- **Margaíocht Ábhair**: ag cruthú ábhair a mheallann aird agus a chruthaíonn nascanna agus féidearthachtaí.
- **Bainistíocht Tionscadail:** tionscnaimh mhargaíochta a stiúradh ó thús deireadh.
- **Ceannasaíocht Foirne:** treoir agus meantóireacht a sholáthar le cinntiú go bhfuil foirne in ann a spriocanna a bhaint amach. 

[Labhraímis!](https://meetings-eu1.hubspot.com/grace-windsor/30-min-session?uuid=a4fc9732-8a49-47d7-bbf7-d23bb0328e8d)

![AmpliStory Services](https://amplistory.com/hs-fs/hubfs/Website%20images/S4_Remote%20Meeting.png?width=1638&height=1440&name=S4_Remote%20Meeting.png "AmpliStory Services")

[![AmpliStory ](https://amplistory.com/hubfs/AmpliStory%20Logo%20(10).png)](https://amplistory.com?hsLang=en)

Supported by

[![unag_logo](https://amplistory.com/hs-fs/hubfs/unag_logo.png?width=171&height=69&name=unag_logo.png)](https://udaras.ie/en/)

### Work

- [Research & strategy services](https://amplistory.com/?hsLang=en#services)
- [Case studies](https://amplistory.com/portfolio?hsLang=en)
- [Story alignment call](https://amplistory.com/story-alignment-check?hsLang=en)

### Resources

- [Blog](https://amplistory.com/blog?hsLang=en)
- [A Guide to B2B Messaging Alignment](https://amplistory.com/b2b-messaging-alignment?hsLang=en)
- [One-page messaging framework](https://amplistory.com/messaging-framework-template?hsLang=en)
- [When to work with an external parter](https://amplistory.com/blog/marketing-agency-consultant-fractional-cmo?hsLang=en)

### Company

- [About me](https://amplistory.com/about-us?hsLang=en)
- [Fúinn](https://amplistory.com/fúinn)
- [Get in touch](https://amplistory.com/contact-us?hsLang=en)

© 2026 AmpliStory All rights reserved [Privacy Policy](https://amplistory.com/privacy-policy?hsLang=en)

[Powered by Atlas - a B2B SaaS HubSpot theme](https://www.kalungi.com/atlas-hubspot-theme-for-b2b-saas-software)